35. Do bheir an duine maith neither maithe as cisde maith a chroidhe: agus do bheir an drochdhuine droichneithe as a dhroichchisde.
36. Achd a deirim ribh, Go dtiobhraid na dáoine cúntas úatha lá an bhreitheamhnuis, ar son gach aóinbhreithre díomhaóinighe dá laibhéoraid said.
37. Oír is as do bhríathruibh sháorfuidhthear thú, agus is as do bhrúathruibh daiméontar thú.
38. Ann sin do fhreagradar dream do na sgríobuidhibh agus do na Phairisíneachaibh, ag rádh, A Mhaighisdir, is mían linn comharta dfaicsin úait.
39. Achd ar bhreagra dhósan, a dúbhairt sé ríu, Iarruidh an geinealach olc agus adhaltrannach comhartha; agus ní tiobharthar comhartha dhóibh, achd an comhartha úd Iónas an fhaidh:
40. Oír mar do bhí Ionás a mbroinn an mhíl mhóir trí lá agus trí oidhche: is mar sin bhías Mac an duine gcriodhe na talmhan tri lá agus trí oidhche.
41. Eiréochaidh luchd Ninebheh a mbréitheamhnus leis an ngeinealachso, agus daimneochaid said é: óir do rinneadarsan aithrigh ag seanmoir Iónas; agus, féuch, a tá neach is mó ná Iónas ann so.
42. Eíreochuidh bainríoghan an táoibhe budh dhead a mbreitheamhnus leis an ngeinealachso, agus daimnéochuidh sí é: óir thainic sisí ó leithimealuibh na talmhan déisdeachd re heagna Sholaimh; agus, féuch, a tá neach as mó ná Solamh ann so.
43. Tar eís dul don spioraid neamhghlain as an duine amach, síobhluidh se thrí ionadaibh tíorma, ag iárraidh suáimhnis, agus ní fhaghann é.
44. A deir sé an tansin, Fillfidh mé do thigh, as a ttainic mé; agus tar éis teachda dhó, do gheibh sé folumh, sgúabtha, deaghmhaiseach é.
45. Imthighidh sé an tansin, agus do bheir sé seachd spioraide eile is measa ná é féin leis, agus ar ndul a sdeach áitrighid said ann sin: agus is measa críoch dheigheanach an duine úd ná a thosach. Agus is mar sin teigeamhas don droichgheinealachso.
46. Agus ar mbeith dhó fós ag labhairt ris an bpubal, féuch, do sheasadar a mhathair, agus a dhearbhraithreacha a muigh, ag íarraidh labhartha ris.
47. Agus a dubhairt neach eigin ris, Féuch, a tá do mhathair agus do dhearbhraithreacha na seasamh a muigh, ag íarraidh labhartha riot.