31. Air a nadhbharsin a deirim ribh, Go maithfidhthear gach peacadh agus gach blaspheíme do na dáoinibh: gidheadh ní maithfidhthear do na dáoinibh, blaspheíme a naghaidh an Spiorad Naóimh.
32. Agus giodh bé neach a déaraidh focal a naghaidh Mhic an duine, maithfidhthear dhó é: achd giodh bé neach laibhéoras a naghaidh an Spiorad Naóimh, ní maithfidhthear dhó é, ann sa tsáoghalso, ná ann sa tsáoghal a tá a teachd.
33. Ceachdar do dha ní, déanaidh an crann maith, agus a thoradh maith; no déanaidh an crann lobhtha, agus a thoradh lobhtha: óir is as a thoradh aithéantar an crann.
34. An shliochd na naithreach neimhe, cionnas is éidir libh neithe maithe do labhairt, ó a tá sibh féin go holc? Óir is as anlán an chroidhe labhrus an béul.
35. Do bheir an duine maith neither maithe as cisde maith a chroidhe: agus do bheir an drochdhuine droichneithe as a dhroichchisde.
36. Achd a deirim ribh, Go dtiobhraid na dáoine cúntas úatha lá an bhreitheamhnuis, ar son gach aóinbhreithre díomhaóinighe dá laibhéoraid said.
37. Oír is as do bhríathruibh sháorfuidhthear thú, agus is as do bhrúathruibh daiméontar thú.
38. Ann sin do fhreagradar dream do na sgríobuidhibh agus do na Phairisíneachaibh, ag rádh, A Mhaighisdir, is mían linn comharta dfaicsin úait.
39. Achd ar bhreagra dhósan, a dúbhairt sé ríu, Iarruidh an geinealach olc agus adhaltrannach comhartha; agus ní tiobharthar comhartha dhóibh, achd an comhartha úd Iónas an fhaidh:
40. Oír mar do bhí Ionás a mbroinn an mhíl mhóir trí lá agus trí oidhche: is mar sin bhías Mac an duine gcriodhe na talmhan tri lá agus trí oidhche.