Mhata 11:8-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Achd créd é an ní agá ndeachabhair a mach dá fhéuchuin? Duine a tá ar na éadughadh re héaduighibh mine? féuch, an mhuinntir chuireas éaduighe mine iompa is a dtighthibh na riogheadh bhíd said.

9. Achd créd é an ní ag a ndeachabhair a mach da fhéuchain? Fáidh? a deirim ribh go deimhin, an ní as mó ná fáidh.

10. Oir a sé so an té, air a sgriobhthar, Féuch, cuirimsi mo theachdaire romhad, neach uillmhéochas do shlighe romhad.

11. A deirim ribh go fírinneach, Nach ar eirghidh eidir chlannaibh na mban neach is mó ná Eoin Baisde: ach cheana giodh bé is lugha ann sa rioghachd neamhdha is mo é ná eisean.

12. Agus ó láethibh Eóin Baisde gus a nois a tá foiréigean dá dhéanamh ar an rioghachd neamhdha, agus fúaduighid luchd fhoiréigin í.

13. Oír do rinneadar na fáighe uile agus an dligheadh fáigheadóireachd go Héoin.

14. Agus mas toil libh a ghabháil, sé so Elias, do bhí chum teachda.

15. Giodh bé agá bhfuil clúasa chum éisdeachda, eisdeadh sé.

16. Achd cía lé a samhleóchuidh mé an geinealachso? Is cosmháil é ré garlachuibh shuigheas ar na marguidhibh, agus eimhgheas ar a gcompánachuibh,

17. Agus a deir, Do rinneamar céol dháoibh, agus ní dhearnábhair dámhsa; do cháoineamar dháoibh, agus ní dhearnábhair gul.

18. Oír tháinic Eóin ní ag ithe ná ag ól, agus a deirid said, A tá deamhan ann.

Mhata 11