Marcus 9:16-21 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. Agus do fhíafruigh sé do na sgríobuidhibh, Créd é an ní so thagartháoi eadruibh féin?

17. Agus ar bhfreagra do neach don tslúagh a dubhairt sé, A Mhaighisdir, tug mé mo mhac chugad, an a bhfuil spiorad balbh;

18. Agus gach uile bhall a mbeireann sé air, tairngidh sé as a chéile é: agus cuiridh sé cubhar thar a bhéul, agus dó ní sé gíosgarnach lé na fhlacluibh, agus téid sé a seirgtheachd: agus a dubhairt mé réd dheisciobluibhsi a chur a mach as; achd cheann níor fhéudadar.

19. Agus ar bhfreagra dhósan, a dubhairt sé, A chíneadh gan chreideamh, gá fad bhias mé eadruibh? agus gá fad fós fhuiléongus mé sibh? tabhruidh chugamsa é.

20. Agus tugadar chuige é: agus an tan do chonnairc sé é, do tharraing an spiorad as a chéile é ar ball; agus ar dtuitim ar an dtalamh dhó, do bhí sé dhá únfairt ag cur chubhair as a bhéul.

21. Agus do fhiafruigh Iósa dhá athair, Gá fad daimsir ó thárla so dhó? Achd a dubhairt seision, O bhí sé na leanabh.

Marcus 9