Marcus 8:10-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. Agus ar an mball ar ndul a luing dhó maille ré na dheisciobluibh, táinic sé go rann Dalmanúta:

11. Agus tangadar na Phairisínigh a mach, agus do thionnsgnadar connspóid do chur air, ag íarruigh comhartha ó neamh air, dha theasdughadh.

12. Agus ar ndéunamh osna dhósan an a spioraid, a dubhairt sé, Créd fá níarrann an cineadh so comhartha? a deirim ríbh go fírinneach, Nach dtiobharthar comhartha don chineadh so.

13. Agus ar na bhfagbháil dó, ar ndul a luing a rís do chúaidh sé don táoibh eile.

14. Agus do dhearnadar na deisciobuil arán do bhreith leó, agus ní raibh aca achd áon arán amháin ann sa luing.

15. Agus do aithin sé dhíobh, ag rádh, Féuchaidh, coimheadaigh sibh ó laibhín na Bhphairisíneach, agus ó laibhin Iorúaith.

16. Agus do thagradarsan eatorra féin, ag rádh, Is tré nach bhfuilid aráin aguinn a tá sé.

Marcus 8