Marcus 7:5-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Do fhíafruigheadar na Phairisinigh agus na sgríobuidhe dhe tar éis sin, Créd fá nách siubhluid do dheisciobluilsi do réir órduighthe na sinnsior, achd ithid arán lé lamhuibh gan ionnladh?

6. Agus do fhreagair seision agus a dubhairt sé ríu, Go fírinneach is maith do rinne Isaías fáidheadóireachd bhar dtimcheall a luchd an fhúarchrabhuidh, mar a tá sgríobhtha, Onóruighid an pobal so mé le na bpusuibh, achd a tá a gcroidhe a bhfad úaim.

7. Achd is díomháoineach do níd seirbhís damhsa, ag teagasg aitheantadh na ndaoine mar theagasg.

8. Oír air dtréigean áithne Dé, gabhuidh sibh órdughadh na ndáoine mar a tá nighe na bpotadh agus na gcupan: agus do níthí mórán dó neithibh eile is cosmhail ríu so.

9. Agus a dubhairt sé ríu, Is maith churtháoi ar gcúl aithne Dé, ionnas go gcoimhéudfadh sibh bhur ngnáthughadh féin.

10. Oír a dubhairt Máoisi, Onóruigh hathair agus do mháthair féin; agus, Gidh bé a déara olc ré na athair nó ré na mháthair, cuirthear chum báis é:

11. Achd a deirthísi, Dá nabradh éin neach ré na athair ní ré na mháthair, Corbán (éadhón, an tiodhlacadh,) do bheirimsi úaim; rachaidh sé a dtarbha dhuitsi.

12. Agus ní léigthí dhó as sin a mach ní sa mhó do dhéunamh dá athair no dhá mháthair féin;

13. Ag cur bhréithre Dé ar gcúl leis an ngnáthughadh do órduigheabhair féin, agus is mór dá leitheidibh so do níthí.

14. Agus ar ngairm an tslúaigh uile chuige, a dubhairt sé ríu, Eisdigh riumsa uile, agus tuigidh:

Marcus 7