Marcus 7:13-26 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Ag cur bhréithre Dé ar gcúl leis an ngnáthughadh do órduigheabhair féin, agus is mór dá leitheidibh so do níthí.

14. Agus ar ngairm an tslúaigh uile chuige, a dubhairt sé ríu, Eisdigh riumsa uile, agus tuigidh:

15. Ní bhfuil ní ar bith ar an dtáobh a muigh don duine, théid a sdeach ann lé nab éidir a shalchadh: achd na neithe thig as a mach, as íad sin na neithe shalchas an duine.

16. Gidh bé agá bhfuilid clúasa chum éisdeachda, éisdeadh sé.

17. Agus an tan do chúaidh sé a sdeach a dtigh ón tslúagh, do chuireadar a sheisciobuil ceisd air a dtimcheall na cosamhlachda.

18. Agus a dubhairt sé ríu, An bhfuiltisi leis mar an gceudna gan tuisge? AN ne nach dtuigthí, gidh bé ní don táobh a muigh théid a sdeach sa duine, nach éidir leis eisean do shalchadh?

19. Oír ní théid sé a sdeach ann a chroidhe, achd ann a bholg, agus téid sé a mach sa chamra, ghlanus a nuile bhíadh?

20. Achd a dubhairt sé, An ní théid amach as an duine, as é sin shalchus an duine.

21. Oir is ón táobh a sdigh, ó chroidhe na ndáoine, thigid na drochsmúaintighe, adhaltrannas, sdríopachus, dúnmharbhtha,

22. Goid, sainnt, aingídheachd, mealltóireachd, míonáire, drochshúil, blaisphéime, úabhar, amadanachd:

23. Tigid na huilesi uile ón táobh a sdigh, agus salchuid an duine.

24. Agus ar néirghe dhó as sin, do chúaidh sé go críochaibh Thírus agus Shídon, agus ar ndul a sdeach a dtigh dhó, nír bháill leis duine ar bith dfagháil a fheasa: gidheadh nír bhéidir leis bheith a bhfolach.

25. Oír an tan do chúalaidh bean da tháoibh, agá raibh spiorad neamhghlan an a hinghin óg, táinic sí agus do léig sí í féin síos agá chosaibh:

26. (Do budh Gréugach an bhean, Sirophenissa do chinéul;) agus do ghuidh sí é an deamhan do theilgean a mach as a hinghin.

Marcus 7