25. Agus táinic sisi ar an mball a sdeach chum a ríogh maille ré deithbhír, agus do íarr sí, ag rádh, Is sí mo thoil thú do thabhairt chinn Eóin Baisde dhamh a nois ar mhéis.
26. Agus do bhí an rí lán do dhoilgheas; achd ar son a mhionn, agus na druinge do bhí na suidhe na fhochair, níor bháill leis isi do dhiultadh.
27. Agus ar gcur fir dicheanta a mach don rígh do láthair, do aithin sé a cheannsan do thabhairt a sdeach: agus do imthigh seisean, agus do dhícheann sé é ann sa phríosún,
28. Agus tug se a cheann leis ar mhéis, agus tug sé don chailin é: agus tug an cailín é dá máthair.
29. Agus an tan do chúaladar a dheisciobuilsion so, tangadar, agus do thógbhadar a chorp, agus do chuireadar a dtuama é.
30. Agus do chruinnigheadar na heasbuil chum Iósa, agus do fhoillsigheadar dhó na huile ní, agus gach ní dá ndearnadar, agus gach ní dar mhúineadar.
31. Agus a dubhairt sé ríu, Tigidhsi ar leíth go hionad úaigneach, agus déunaidh suáimhneas támall beag: oír do bhádar mórán ag teachd agus ag imtheachd, agus ní fhúaradar am ar bhíadh a mháin dithe.
32. Agus do chúadar a luing ar leith go hionad fhásamhuil.