23. Gidh bé neach agá bhfuilíd clúasa chum éisdeachda, éisdeadh sé.
24. Agus a dubhairt sé ríu, Tabhruidh dá bhur naire créd é an ní úd chluintí: gidh bé miosúr an a dtoimheósdáoi, toimheósdar chugaibh é: agus do bheurthar tuilleadh dháoibhsi atá ag éisdeachd.
25. Oír gidh bé neach agá bhfuil ní, do bhéurthar dhó: agus gidh bé neach a tá gan ní aige, toigéubhthar úadh an ní a tá aige.
26. A dubhairt sé, Is amhluigh a tá ríoghachd Dé, mar do chuirfeadh neach síol a bhfearann;
27. Agus do choidéoladh sé, agus do éireóchadh sé sa noidhche agus ann sa lá, agus do fhásadh an síol agus do aírdéochadh sé, ar cruth nach raibh a fhios aigesion.
28. Oír is dá dheóin féin do bheir an talamh toradh; ar tús an geamhar, agus na dhíaigh sin déus, agus na dhíaigh sin arbhar iomlán sa déis: