Marcus 3:19-23 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

19. Agus Iúdas Iscáriot, an tí do bhraith é, agus tangadar don tigh.

20. Agus do chruinnigheadar an tslúagh a rís, ionnus nar bhéidir léo fíu an bhídh do chaitheamh.

21. Agus an tan do chúaladar a cháirde so, tangadar a mach do bhreith air: óir a dubhradar, Go raibh sé ar míchéill.

22. Agus a dubhradar na sgríobuidhe tháinic a núas ó Iérusaléim, Go raibh Beelsébub ann, agus gur ab tré phrionnsa na ndeamhan do chuireadh sé na deamhain ámach.

23. Agus do ghoir sé chuige íad, agus a dubhairt sé a gcosamhlachduibh ríu, Cionnas is éidir lé Sátan Sátan do theilgean amach?

Marcus 3