Marcus 14:26-33 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

26. Agus an tan do chanadar salm, do chúadar a mach go slíabh na Noluigheadh.

27. Agus a dubhairt Iósa riú, Do ghéúbhtháoi uile oilbhéim ionnamsa a nochd: oir a tá sgríobhtha, Búailfidh mé an táodhaire, agus spréighfighthear na cáoirigh.

28. Achd tar éis misi eiséirghe, rachaidh mé romhaibhsi don Ghalilé.

29. Achd a dubhairt Peadar ris, Má gheibhid cách uile oilbhéim ionnad, ní bhfuighe misi é.

30. Agus a dubhairt Iósa risean, A deirim riot go fírinneach, A niugh, ann sa noidhche nochd féin, ní is táosga ná ghoirfeas an coileach fá dhó, go séanfa tú mé trí húaire.

31. Achd is móide a dubhairt seision, Dá madh éigean damh bás dfulang ad fhochair, ní shéanfa mé thú go bráth. Agus a dubhradar cách uile mar an gcéadna.

32. Agus tangadar don ionad dar ab ainm Getsémane: ann sin a dubhairt seisin ré na dheisciobluibh, Suidhigh ann so, go ndéuna mé urnuighe.

33. Agus rug sé Peadar agus Séumas agus Eóin leis, agus do thionnsgain sé bheith go critheaglach brónach;

Marcus 14