25. Agus do bhagair Iósa air, ag rádh, Bí ad thochd, agus tárr a mach as.
26. Agus do réub an spiorad neamhglan é, agus ag eimhghe do ghuth árd, táinic se a mach as.
27. Agus do ghabh úathbhás cách uile, ionnus gur fhíafruigheadar eatorra féin, ag rádh, Créd é so? créd é an teagusg núadh so, go gcuireann sé smachd maille ré cumhachduibh ar na spioraduibh neamhghlana, agus do númhluighid dho,
28. Agus do chúaidh a chlúsan ar an mball ar feadh na tíre uile a dtimcheall na Galilé.
29. Agus mar is lúaithe, do chúadar as an tsionagoig, tangadar go tigh Shimóin agus Sindriáis, ma ráon ré Súemas agus ré Héoin.