50. Agus a dubhairt Iósa ríu, Ná toirmeasuidh é: oir gidh bé nach bhfuil ar naghuidh atá sé linn.
51. Agus tárla, an tan do coímhliónadh laéthe a nglacfaidh súas é, gur chuir sé roimhe go daingion dul go Hiárusaléim.
52. Agus do chuir sé teachdairighe róimhe: agus ar nimtheachd dóibh, do chúadara sdeach a mbaile na Samáritánach, do chum go ndéanaidís ullmhaghadh roimhesion.
53. Achd niór ghabhadársan chuca é, ar son go raibh a agháidh mar bhiagh sé dul go Hiarusalém.
54. Agus an tráth do chuncadar a dheisciobuilsion Séumas agus Eóin so, a dubhradar, A Thighearna, a naill leachd go nabramáois teine do theachd a núas ó neamh, dá losadh síad, mar do rinne Elías leis?