Lucais 8:41-48 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

41. Agus, féuch, táinic neach áirighe dar bhainm Iáirus, do bhí na úachdarán ar a tsinagóig: agus an tan do shléuchd sé ag cosaibh Iósa, diárr sé dathchuinghidh air dul leis dá thigh féin:

42. Do bhrígh go raibh éinghein inghine aige, timcheall a dá bhliadhan dég, agus í fagháil bhais. Achd ar mbeith ag imtheachd dhó do bhí an sluagh dha bhrughadh.

43. Agus bean do bhí a bhflucsa fola dá bhliadhuin dég, agus do chaith a raibh aice le leaghaibh, agus nar béidir le héinneach a leigheas,

44. Do chúaidh sí táobh shíar dheision, agus do chumail sí ré himeal a bhruit: agus do sguir a dórtadh fola ar an mball.

45. Agus a dubhairt Iósa, Cía so do bhean rium? Agus ar na shéana do chách uile, a dubhairt Peadar agus an dream do bhí na fharraidh, A Mhaighisdir, atá an slúagh ad bhrughadh agus ad phluchadh, agus a nabair tú, Cía bhean rium?

46. Agus a dubhairt Iósa, Do bhean duine éigin riom: oír do mhothuigh mé subhailce dul asam.

47. Agus an tráth do chonnairc an bhean gur hairigheadh í, táinic si ar crith, agus ag sléuchdain dósan, dfoillsigh sí dhó a bhriadhnaisi an phobuil uíle créd é an tádhbhar far chumail sí ris, agus cionnus do leigheasadh í ar an mball.

48. Agus a dubhairt seisean ría, Bíodh mainighin mhaith agad, a inghean: do shlánuigh do chreideamh thú; imthigh romhad a sióthcháin.

Lucais 8