Lucais 8:25-30 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

25. Agus a dubhairt sé ríu, Cáit an a bhfuil bhar gcreideamh? agus ar mbeith le heagla dhóibhsion do ghabh iongnadh íad, ag rádh ré chéile, Cia be so! a deir ris na gáothaibh agus ris a nuisge fós bheith na dtochd, agus úmhluighid said dó.

26. Agus do rinneader loingscórachd go crich na Ngadarénach, atá as comhair na Galilé a nunn.

27. Agus ar ndol a dtír dhósan, tárla óglach áirighe as an gcathruigh air, ann a rabhadar deamhuin re haimsir fhada, agus ag nach bíodh éadach uime, agus ní comhnuigheadh sé a dtigh, achd an sna tuámaidhibh.

28. Agus ag faicsin Iósa dhó, agus ag éighmhe, do theilg sé é féin siós aga chosaibh, agus a dubhairt sé do ghuth ard, Créd é mo chuidsi dhiót, a Iósa, a Mhic Dé ro áird? Iarruim ort, gan mo phiánadh.

29. Oir do aithin sé don spiorad neamhghlan dol as an duine. Oír is iomdha uáir do bheireadh sé siothadh air: agus do cheangluidh le slabhraidhibh agus dp cpimhéaduibh le géimhleachuibh é; agus ar mbriseadh na gcuibhreach dhósan, do thiománadh an deamhan fá na fasaighibh e.

30. Agus dfiafruidh Iósa dhé, ag rádh, Créd is ainm dhuit? Agus a dubhairt seision, Leighión: do brígh go ndeachádar mórán deamhan a sdeach ann.

Lucais 8