7. Agus do fhreagradar, nach raibh a fhios aca féiu gá hás dó.
8. Agus a dubhairt Iósa ríu, Ní mó innéosas misi dhíbhsi cía an túghdarrás as a ndéunuim na neithesi.
9. Agus do thionnsgain sé an chosamhlachdsa do rádh ris an bpobal; Do chuir duine áirighe fíneamhuin, agus tug sé amach do sgológuibh í, agus do bhi sé féin a gcoigcrích air feadh aimsire faide.
10. Agus na am féin do chuir sé a shearbhfhoghantuighe chum na sgológ, ionnus go dtiobhraidis ní do thoradh na fíneamhna dhó: achd do ghabhadar na sgológa air, agus do chuireadar folamh uátha é.
11. Agus do chuir sé searbhfhoghantuighe eile úadh a rís: achd ar ngabháil air sin leis, agus ar dtabhairt easonóra dhó, do chureadar folamh uátha é.