Lucais 19:3-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Agus do bhí fonn air fhaicsin cia hé Iósa; agus níor bhéidir ris ón tslúagh, tré go raibh sér ísiol do phearsainn.

4. Agus ag rith roimhe dhó, do chuáidh sé súas a gcrann sicamor ionnus go bhfaicfeadh sé é: óir do bhi fáoi an tslighsin do ghabháil.

5. Agus an tan tháinic Iósa chum na háitesin, ar bhféachain súas dó, chúnnairc sé eision, agus a dubhairt sé ris, A Shachéus, tuirrling go deifreach; óir is ad thigh is éigin damhsa comhnuidhe dhéanamh a niu.

6. Agus ag deifriúghadh dhósan, do thuirrling sé, agus do ghabh sé chuige é go luáthgháireach.

7. Agus an tan do chunncadar cách uile so, do rinniodar munbhar, ag rádh, Go ndeáchaigh sé a sdeach air áoidheachd dionnsuighe peacthaich.

8. Agus ag seasamh do Shachéus, a dubhairt sé ris an Tighearna; Féuch, a Thighearna, do bheirim leath mo mháoine do na bochdaibh; agus má mbeall mé duine air bith a néinní, do bheirim dhó a cheithre oirid.

9. Agus a dubhairt Iósa ris, A niugh thárla sláinte don tighsi, do bhrígh do bhfuil seisean fós na mhac ag Abraham.

10. Oír tháinic Mac an duine diárruidh agus do shlánughadh an ní do chúaidh a mugha.

Lucais 19