Lucais 18:9-17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

9. Agus fós ré dreim do sháoil iád féin bheith na bhfiréain, agus do tharcasinigh cách eile, a dubhairt sé an chosamhlachdsa:

10. Do chúadár días do dháoinibh súas don teampall do dhéanamh urnuighe; áon aca na Phairisíneach, agus araile na phúibliocánach.

11. Ar seasamh don Phairisíneach do bhí sé guidhe mar so leis féin, A Dhiá, beirim buidheachas riot, nach bhfuilim mar atáid dáoine eile, a luchd fuáduigh, éugcórach, adhaltrannach, nó fós mar an bpuibliocánachsa.

12. Troisgim fá dhó ann sa tseachdmhuin, do bheirim deachmhuidh as gach ní dhá sealbhuighim.

13. Agus ar seasamh don phuíbliocán, a bhfád úadh, nior bháill leis fiú a shúl do thogháil suás chum neimhe, achd do bhuaileadh sé a uchd, ag rádh, A Dhía déana trócaire oramsa an peachthacht.

14. A deirim ribh, go dtáinic an tési a núas dá thigh féin na fhiréanach ni is mó na fear úd: óir gidh bé ísligheas é féin áirdeochthar é.

15. Agus fós tugadar chuige náoidheanain, ionnus go mbeanfadh sé ríu; agus an tan do chuncadar na deísciobuil so, do imdheargadar íad.

16. Achd ar ngairm na leanabh Díosa chuige, a dubhairt sé, Fuilngidh na leinbh do theachd chugamsa, agus ná toirmeasguidh íad: óir is lé na leitheid so rioghachd Dé.

17. A deirim ribh go fírinneach, Gidh bé nach géubha chuige rioghachd Dé mar náoidheanán nach racha sé go bráth a sdeach innte.

Lucais 18