Lucais 18:36-43 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

36. Agus an tan do chúaluidh sé an slúagh ag gabháil thairis, dfiafruidh sé créd é so.

37. Agus dinniseadar dhó, gur ab é Iósa Nasardha do bhí gabháil thairis.

38. Agus do éigh seision ag rádh, A Iósa, a mhic Daibhi dénna trócaire oram.

39. Agus an dream do bhí roimhe do imdheargadar é, ionnus go mbíadh se na thochd: achd is moide do éighmheadh seision sin, A mhic Dáibhi, déana trócaire oram.

40. Agus ar seasamh Díosa, do aithim sé a thabhairt chuige: agus an tan do dhruid sé ris, dfiafruidh sé dhe,

41. Ag rádh, Créd is mián leachd misi do dhéana dhuit? Agus a dubhairt seision, A Thighearna, mo radharc aiseag dhamh.

42. Agus a dubhairt Iósa ris, Bíodh do radharc agad: do shlánuigh do chreideamh thú.

43. Agus do fúair sé a radharc ar an mball, agus do lean sé eisean, ag tabhairt glóire do Dhiá: agus an tan do chunnaire an pobal uile so, tugadar moladh do Dhía.

Lucais 18