23. Agus ar na chloinnsin so dhósan, do ghlac tuirse mhór é: óir do bhí sé roshaidhbhir.
24. Agus an tan do chunnairc Iósa go ráibh sé lán do dhobrón, a dubhairt sé, Créd é a dheacrachd do na dáoinibh sáidhbhre dul a sdeach a rioghachd Dé!
25. Oír is usa camhall do dhul tri chró snáthuide ná do dhuine shaidhbhir dul a sdeach a rioghachd Dé.
26. Agus a dubhrádar an dream do chúalaidh so, Máseadh cía as éidir do shlánughadh?
27. Achd a dubhairt seision, Na neithe ata dó dhéanta ag na dáoinibh atáid so dhéanta ag Dia.
28. Agus a dubhairt Peadar, Féuch, do fhágamairne na huile neithe, agus do leanamair thusa.