27. Do bhádar ag ithe, ag ibhe, ag posadh, agus ag tabhairt chum posda, gus an lá ann a ndeachaidh Náoi do náirc, agus táinic an dile, agus do sgris sí iád uile.
28. Agus ar a nós gcéadna mar tharla a laéthibh Lot; do bhádar ag ithe, ag ibhe, ag ceannach, ag reic, ag plantugheadh, ag tógbhail tighthe;
29. Achd an lá ann a ndeachaidh Lot amach as Sodom do fearadh teine agus ruibh ó neamh, agus do sgrios sé iúd uile.
30. Is da réir so bhias ar an lá ann a bhfoillseochthar Mac an duine.