Lucais 17:12-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

12. Agus an tráth do chuáidh sé a sdeach go baile áirighe, tárladar deithneabhar fir lóbhar air, do sheas a bhfad úadh:

13. Agus do árduigheadar a nguth, ag rádh, A Iósa, a Mhaighisdir, déana trócaire oruinn.

14. Agus an tan do chunnairc sé íad, a dubhairt sé riu, Imthighidh foillsighidh sibh féin do na sagartuibh. Agus tárla, ag imtheachd doibhsion, gur glanadh íad.

15. Achd fear aca, mar do chuinnairc sé é féin ar na shlánughadh, dfill sé air, ag moladh Dé do ghuth mhór,

16. Agus do thuit sé ar a aghuidh agá chosaibhsean, ag breith bhuidheachais ris: agus budh Samaritánach an fearso.

17. Agus ar bhfreagra Diósa a dubhairt sé, A né nach bhfuilid deithneabhar ar na nglanadh? agus a náonbhar cáit a bhfuilid?

18. Níor frith ag filleadh do thabhairt gloíre do Dhía, achd an coigcrigheachso.

19. Agus a dubhairt sé ris, Eirigh, imthigh romhad: do shlánuigh do chreideamh thú.

Lucais 17