Lucais 12:38-45 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

38. Agus má thig sé sa dara faire, agus má thig sé sa treas faire, agus go bhfuighe só mar sin iád, is beannaighe na scarbhfhoghantuighe sin.

39. Achd biodh a dheimhin só aguibh, dá mbeith a fhios ag fear an tighe cía a núair a dtiocfadh an gaduighe, go ndéanadh sé faire, agus nach bhfuilcóngadh sé a thigh féin do thollodh thríd.

40. Agus ar a nadhbharsin fós bithisi ullamh: oír is a núair nach saoiltí thiocfus Mac an duine.

41. Agus a dubhairt Peadar ris, A Thighearna, an linne a deir tú an chosamhlachd so, nó fós ré cach uíle?

42. Agus a dubhairt an Tighearna, Cía atá na fheadhmannach fhírinneach ghlic, chuirfeas a thighearna ós cionn a mhuinntie féin, ionnus go dtiobhradh sé a miosúr bidh dhóibh na am fein?

43. Is beannaighe an searbhfhoghantuidhe úd, agá bhfuighe a thighearna an tan thiocfus sé dhá dhéanamh mar sin.

44. Go fírinneach a deirim ribh, Go gcuirfe sé ós cionn a bhfuill aige é.

45. Achd má deir an seanbhfhoghantuighe úd ann a chroidhe féin, Cuirfidh mo thighearna a theachd a ríghneas; agus go dtionnsgónuidh sé gabháil ar na buáchailidh agus ná cailinidh, agus bheith ag ithe agus ag ól, agus ar meisge;

Lucais 12