Lucais 12:1-6 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Fa a námsin, ar mbeith do phubal gan airmheadh ar na ccomhchruinniufgadh, ionnus go rabhadar ag saltairt ar a chéile, do thionnsgain sé a radh re na dheisciobluibh ar tús, Comhéaduigh sibh féin ar laibhin na Bhphairsineach, eadhon an fuarchrabhadh.

2. Oír ní bhfuil einní foluightheach, nach dtiocfuidh chum sóillsi; ná seicreideach, nach bhfuighthear a fhios.

3. Ar a nadhbharsin gidh bé neithe do labhrabhair an dorchadas cluinfidhthear iád satsolus; agus gidh bé ní do labhrabhair a gcluáis a seómruidhibh uaígneacha do dhéantar a ghairm ós na tighthibh.

4. Agus a deirim ribhse a chairde, Ná biodh eagla muinntire oraibh mhárbhus an corp, agus na dhiáigh sin leis nach éidir ní sa mhó do dhéanamh.

5. Achd foillséochaidh mé dháoibh cía ré a mbia bhur neagla: Bíodh eagla an ti úd oraibh, agá bhfuil cumhachda tair éis duine a mharbhadh a theilgean go hifrionn; a seadh, a deirim ribh, Biodh eagla so oraibh.

6. A né nach cceannaghthear cúig gnealbhain ar dhá fheórling, agus ni bhfuil áon aca ar dearmad a bhfiádhnuise Dé?

Lucais 12