Lucais 11:5-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Agus a dubhairt sé ríu cía agaibhsi agá mbíadh cara, agus go rachadh sé chuige a meadhon oidhche, agus go naibeóradh sé ris, A chara, tabhair trí haráin dhamh air iásachd;

6. Oír tháinic cara dhamh as a tslighe am ionnsuighe, agus ní bhfuil éinni again do chuirfinn na fhiadhnuisi?

7. Agus go bhfreigeóradh seision a sdigh, agus go naibeóradh sé, Na cuir búaidhreadh oram: atá an doras dúntí a nois, agus ataíd mo chlann am fhochair sa tseómra; ní fhéaduim éirghe agus a dtabhairt dhuit.

8. A deirim ribh, ar néirghe dhó, dá mbeith nach dtiobhradh sé sin úadh, ar son gur chara dhó é, gidheadh go fírinneach ar son a liosdachda do éiréochadh sé, agus do bhéaradh sé dhó an mhéid do bhiadh do riachdanus air.

9. Agus a deirimsi ribh, Iarraidh, agus do bhéarthar dháoibh; lorgairigh, agus do gheabhtháoi; buailidh an doras, agus oisgéoltar dháoibh.

10. Oír gidh bé iárras glacaidh sé; agus gidh bé do ní lorgaireachd do gheibh sé; agus oísgéoltar don té bhúaileas an doras.

Lucais 11