Hephesiánach 3:9-19 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

9. Agus a fhoillsiughadh do na huile dháoinibh créd é cumann ná rúindiamhra, noch do bhí folaighthe ó thus an domhain a Ndía, noch do chrúthuigh na huile neither tré Iósa Críosd:

10. Ionnus go ndéantáoi a nois follas trés a neagluis éagna éugsamhuil Dé dúachdaránuibh agus do chúmhachduibh ar neamh,

11. Do réir an réimhchinnidh shíorruidhe noch do rinne sé a Níosa Críosd ar Dtíghearna:

12. As a bhfuil dánachd aguinn agus slighe ré dhul a steach maille ré dóthchas tré chreideamh annsan.

13. Uime sin iarruim dathchuinghe gan sibh do dhul a nanbhfainne tré mo bhuáidhearthuibhse ar bhur sonsa, noch as glóir dháoibhse.

14. Ar a nadhbharsa filleam mo ghlúine Dathair ar Dtíghearna Iósa Críosd,

15. As a nainmnighthear a nuile athardhachd air neam agus air talamh.

16. Ionnus go dtíubhradh sé dhibh, do réir shaidhbhris a ghlóire, bheith láidir neartmhar tré na Sbioruid sa duine don táobh a stigh;

17. Ionnus go ndéanadh Críosd comhnuidhe tré chreideamh ann bhur gcroidhthibh:

18. Ionnas ar mbeith díbh, ar bhur bhfréumhughadh agus ar bhur bfonndameantughadh a ngrádh, go madh féidir libh a choimsiúghadh maille ris na huile náomhuibh créd é an leithead, agus an fad, agus an doimhne, agus an aired;

19. Agus eólus ro oirdheirc ghrádha Chríosd do bheith aguibh, chum go lionfuidhe sibh ré huile iomláine Dé.

Hephesiánach 3