Gníomhartha 9:8-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Agus do éiridh Sául don talamh; ar nosgladh a shúl dó, ní fhacaidh sé éinneach: agus ag breith dhóibhsion ar láimh air, do thréoraigheadar go Damáscus é.

9. Agus do bhí sé trí láethe gan amharc ar bith aige, agus níor íth agus níor ibh éinni.

10. Agus do bhí deisciobal áirighe a Ndamáscus, dar bhainm Ananías; ré a ndubhairt an Tighearna a dtáibhse, A Ananiáis. Agus a dubhairt seision, Féuch, atáim ann so, a Thighearna.

11. Agus a dubhairt an Tighearna ris, Eiridh, agus imthigh don tsráid ré ráidhtear Díreach, agus íarr a dtigh Iúdais, an té dar ab ainm Sául ó Tharsus: oír, féuch, atá sé ag dhéunamh urnuighe.

12. ( Agus do chonnairc sé a dtaibhse fear dar bhainm Ananias ag teachd a steach, agus ag cur a láimhe air, ionnus go nglacfadh sé a radhairc.)

13. Achd do fhreagair Ananías, A Thighearna, do chúalaidh me ó mhórán ar an bhfear so, a mhéud dolcaibh do rinne sé dod náomhaibhse a Níarusalém:

Gníomhartha 9