Gníomhartha 9:29-38 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

29. Agus do labhair sé go dána a nainm an Tighearna Iósa, agus do bhíodh sé ag diosbóireachd a naghiadh na Ngréugach: agus do ghabhadarsan do láimh eision do mharbhadh.

30. Achd ar bhfagháil fheasa do ná dearbhraithreachaibh, do thréoraigheadar é go Seasaréa, agus do chuireadar as sin go Tarsus é.

31. Uime sin fúair an eagluis ar feadh thire Iúdaighe agus na Galilé agus na Samária síothchain; ar mbeith dhóibh ar na dtogbháil súas sa gcreideamh: agus ag siúbhal a neaglá Dé, agus do bhádar ar na líonadh do chomhfhurtachd an Spiorad Náoimh.

32. Agus tárla, ag gabháil dp Pheadar tríothadh uile, go dtáinic sé chum na náomh do áitrigh a Liddá.

33. Agus fuáir sé ann sin duine áirighe dhar bhainm Enéas, do bhí a bpairilis, agus nar éirigh as a leabaidh feadh ochd mblíadhan.

34. Agus a dubhairt Peadar rís, A Enéas, do ní Iosa Críosd slán thú: eirigh, agus tóg do leabaidh. Agus ris sin féin déirigh seision.

35. Agus do chunncadar an mhéid do áitrigh a Liddá agus a Sáron é, noch do fhill chum an Tighearna.

36. Agus do bhí baindeisciobal áirighe a Níoppá dar bainm Tabita, (ré a ráitear ar na eidirmhíniughadh Dorcás:) do bhí an bheansa lán do dheaghoibribh agus do dheirce do níodh si.

37. Agus a tárla an sna láethibh sin, go raibh sí tinn, agus go bhfúair sí bás: agus ar na hionnladh dhóibh, do chuireadar a séomra úachdarach í.

38. Agus ar mbeith do Liddá a bhfogus do Ioppa, ar bhfagháil sgéul do na deisciobluibh go raibh Peadar ann sin, do chuireadar dís fear chuige, dá íarraidh air, gan muill do dhéanamh ré teachd chuca.

Gníomhartha 9