12. ( Agus do chonnairc sé a dtaibhse fear dar bhainm Ananias ag teachd a steach, agus ag cur a láimhe air, ionnus go nglacfadh sé a radhairc.)
13. Achd do fhreagair Ananías, A Thighearna, do chúalaidh me ó mhórán ar an bhfear so, a mhéud dolcaibh do rinne sé dod náomhaibhse a Níarusalém:
14. Agus atá cúmhachda aige ann so ó na hárdsagartaibh na huile dháoine cheangal ghuidheas hainmse.
15. Achd a dubhairt an Tighearna ris, Imthigh romhad: oír atá sé na shoightheach tóghtha agamsa, chum manma diomchar a bhfiadhnuise na Gcineadhach, agus na ríghtheadh, agus chloinne Israél:
16. Oír foillséochaidh misi dhó créud é méud na neitheann is éigin dó fhulang ar son manmasa.
17. Dimthigh Ananías ann sinm agus do chúaidh sé a steach don tighsin; agus ar gcur a lámh airsion a dubhairt sé, A Shaúil a dhearbhráthair, an Tighearna, Iósa, do táibhreadh dhuit sa tslighe iona dtáinic tú, do chuir sé misi, chum aisig do radhairc dfagháil duit, agus do bheith líonta don Spiorad Náomh.
18. Agus ar an mball do thuiteadar ó na shúilibh mar do bheith sgamail: agus fúair sé a radhaírc gan fhuireach, agus ar néirghe dho, ghabh sé baisdeadh.
19. Agus do chaith bíadh, agus do neartuigheadh é.Agus do bhí Saul láethe áirighe a bhfochair na ndeisciobal do bhí a Ndamáscus.
20. Agus ar an mball do sheanmóir sé Críosd ann sna sinagógaibh, gur bhé so Mac Dé.
21. Agus do ghabh úathbhás na huile dháoine do chúalaidh é, agus a dubhradar, A né nach é so an té úd do sgrios a Niarusalem an dream do ghuidh an tainmse, agus is chuige tháinic sé ann so, da mbreith ris ceangailte chum na nárdsagart?
22. Achd is móide do neartuigheadh Sául, agus do chláoi sé na Iúdaighe do áitrigh a Ndamascus, ag deimhniughadh gur bé so Críosd.
23. Agus ar ndul moráin do láethibh thárrsa, do rinneadar na Iúdaighe do chomhairle a bhfochair a chéile eision do mharbhadh:
24. Achd do aithin Saul a ccealg. Gidheadh do bhí coimhéud acasab ar ba geataidhibh do ló agus doidhche, chum eision do mharbhadh.
25. Uime sin ar na ghabháil chuca do na deisciobluibh sa noidhche, do chuireadar amach tré san mballa é dá léigean síos a gclíabh.
26. Agus ar dteachd do Shául go Hiarusalém, do chuir sé roimhe ceangal ris na deisciobluibh: achd do bhí faitcheas ortha uile roimhe, agus níor chreideadar dhó gur dheisciobal é.