Gníomhartha 5:38-42 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

38. Agus a deirim ribh a nois, Seachnuidh sibh féin ar an muinntirse, agus léigidh dhóibh: oír más ó dháoinibh thig an chómhairle nó a nóbairse, cuirfighthear a neimbrígh é.

39. Achd mas ó Dhía thig sé, ní héidir libh a chur a neimbrígh; air eagla go bhfuighthí ag troid a naghaidh Dé sibh.

40. Agus do áontuigheadar dho: agus ar ngairm na nabsdal dóibh, agus ar ngabháil ortha, tugadar fogra dhóibh gan labhairt a nainm Iósa, agus do léigeadar úatha íad.

41. Ar a nadhbharsin do imthigheadar san go lúathgháireach as amharc na cómhairle, do bhrígh gur measadh gur bhfíu íad easonóir dfulang ar son anma Iósa.

42. Agus gach lá sa teampall, agus ó thigh go tigh, níor sguireadar do bheith ag teagasg agus ag seanmórughadh Iósa Chríosd.

Gníomhartha 5