30. Ag sineadh do láimhe amach chum leighis; agus comharthadh agus miorbhuileadh do dhéanamh tré ainm do mhic náomtha fein Iósa.
31. Agus ar ndéunamh úrnuighe dhóibh, do chríothnuighe a náit a rabhadar a bhfochair a chéile; agus do líonadh íad uile don Spiorad Náomh, agus do lábhradar bríathar Dé maille ré dánachd.
32. Agus do bhí áon chróidhe agus áon anam amháin ag an druing do chreid: agus ní dúbhairt éainneach aca go madh leis féin áon ní dhá raibh na sheilbh; achd do bhádar na huile neithe comhchoitcheann aca.