4. Agus ar bhféuchain go géur do Pheadar air, maille lé Heóin, a dubhairtsé, Féuch oruinne.
5. Agus tug seision aire dhóibh, a ndothchus neithe éigin dfághail úatha.
6. Achd a dubhairt Peadar, Ní bhfuil airgead na ór agamsa; achd an ní atá agam do bheirim dhuitse é: A nainm Iósa Críosd Nasárrdha éirigh agus siubhail.
7. Agus ar mbreith air a láimh dheis dó, do thóg sé súas é: Agus ar an mball do neartuigheadh mugharnaigh agus bonnaidhe a chos.
8. Agus do léim sé súas do sheas, agus do shiubhail sé, agus do chuáidh sé ríu a steach don teampoll, ag siubhal, agus ag léimnidh agus ag moladh Dé:
9. Agus do chunnairc an pobal uile é ag siubhal agus ag moladh Dé:
10. Agus daithneadar é gur ab é do bhíodh ag íarruidh déirce na shuidhe ag geata Bréagh an teampuill: agus do lionadh íad diongantas agus dúathbhás fá a ní sin thárla dhó.