16. Agus tré chreideamh anmasán, do neartaidh a ainm an fearso, do chithí agus áitheantáoi: agus, an creidheamh atá dhá tháobhsan, tug sé dhó so an tsláinte iomlánso ann bhur lathairse uile.
17. Agus a nois, a dhearbhraithe, atá a fhios agam gur tré ainbhfios do rinneabhair na neithe so, agus bhur núachdaráin mar an gcéadna.
18. Achd is mar so do chomhlíon Día, na neithe do réumhfhoillsigh sé tré bhéul a fhaigheadh uile, go bhfuileóngadh Críosd.
19. Ar a nadhbharsin déunaidh aithrighe, agus fillidh, ionnus go sgriosfuidhe bhur bpeacaidh, a núair thiocfus aimsir a nfúaraidh ó fhíadnuise an Tighearna;
20. Agus chuirfeas sé úadh Iósa Críosd, noch do seanmórughadh dhíbh roimhe:
21. Dár ab éigin do neamh a ghabháil go teachd daimsearachaibh aiseagtha na nuile neitheann, noch do labhair Día tré bhéul a uile fháigheadh náomhtha ó thús an domhain.
22. Oír a dubhairt Máoise ris na haithreachuibh, Toigéubhaidh bhur Dtighearna Día fáidh súas díbh dá bhur ndearbhraithreachaibh féin, mar misi; éisdfidh sibh ris sna huile neithíbh laibheórus sé ribh.
23. Agus tiocfuidh chuin críche, gidh bé anam, nách éisfidh ris an bhfáidhsin go sgriosfuighthear é as an bpóbal.