Gníomhartha 28:6-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

6. Gidheadh do bhí súil acasan ré hát dó, nó ré na thuitim síos marbh go hobann: achd ar mbéith dhóibh a bhfád ag fuireadh, agus nach bhfacadar dochar ar bith ag teagmháil dó, ar nathrughadh inntinne, a dubhradar gur día é.

7. Agus a dtimcheall na háitesin do bhí fearann ag ceannphort a noíléin, dar bhainm Publius; noch do ghabh sinne chuige, agus tug áoigheachd dhúinn ar feadh thrí lá go rocháirdeamhail.

8. Agus tárlá, go raibh athair Phuibliuis na luighe ré fíabhrus agus ré flucsa fola: agá ndeachaigh Pól dá ionnsuighe, agus ar ndéanamh urnaighe, ar gcur a lámh air, do shlánuighe sé é.

9. Agus ar na dhéunamh so, tangadar, an mhéid do bhí easlán sa noiléun chuige, agus do shlánaigheadh íad:

10. Noch mar an gcéudna tug dhúinn onóir mhór; agus ar ndealadh dhúinn ríu, do chuireadar linn na neithe do bhí na riachdanus orainn.

11. Agus a gcionn thrí mhíos na dhiáigh sin do sheólamar a luing do longaibh Alecsándria, do bhí ag caitheamh an ghéimhridh sa noiléun, agus a sé fá comhartha dhi Castor agus Pollux.

12. Agus ar dteachd dúinn go Siracúsa, dfanamar ann trí lá.

13. Agus ar seóladh dhúinn timcheall as sin, tangamar go Rhégium: agus a gcionn laé na dhiáigh sin do shéid an gháoth a ndeas, agus tangamar lá ar na mhárach go Puteóli:

14. Mar a bhfúaramar dearbhraithreacha, agus do chuireadar impidhe oruinn fanmhuin na bhfochair feadh seachdmhuine: agus már sin do thríallamar romhuinn don Róimh.

Gníomhartha 28