Gníomhartha 25:19-23 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

19. Achd do bhádar ceasda áirighe a dtimcheall a ngeasrigadh féin aca na aghuidh, agus a dtimcheall Iósa éigin, fuáir bás, noch a dubhairt Pól bheith béo.

20. Agus do bhrígh go raibh misi amharusach a leithid sin do cheisd, a dubhairt mé, Nar bháill leis dull go Hiárusalem, agus breitheamhnus thabhairt air ann fá na neithibhsi.

21. Agus an tan díarr Pól é féin do choimhéud nó go bhfuigheadh Augustus fios air, do aithin misi a chúmhdach nó go gcuirfinn chum Séasair é.

22. Agus a dubhairt Agrippa ré Festus, Bá mian riumsa fós mé féin éisdeachd ris an bhfear sin. Agus a dubhairt seisean, cluinfidh tú a márach é.

23. Uime sin ar na mhárach, táinic Agrippa, agus Bernice re poimp ro mhóir, agus do chúadar a steach maille rís na húachdaránuibh, agus ré maithibh na caithreacha, go teagh na cúirte, agus ar na áithne Dfestus tugadh Pól a láthuir.

Gníomhartha 25