22. Agus do léig an túachdarán an tógánach úadh, ar na áithne dhe, Gan a fhios do thabhairt do dhuine ar bith gur fhóillaigh sé na neithesi dhó féin.
23. Agus do goir sé dhá chaiptín airighe chuige, agus a dubhairt sé, Ullmhuighidh dhá chéud saighdiúir rachas go Séasarea, agus deíchneabhar agus trí fichid marcach, agus da chéud do luchd gaéthe, ón trés úair do noidhche amach;
24. Agus mar an gcéudna ullmhuighidh eachruidh iomchórus Pól slán, chum an árdúachdaráin Félics:
25. Agus do sgríobh sé litir an sa bhfoirmse:
26. Beatha agus sláinte ó Chlaudius Lísias chum a nárdúachdaráin ro oidheirc Félics.
27. An tan do bhí an fearso tar éis a ghabhála ag na Iúduighibh, agus íad iar tí a mharbhtha: tháinig misi orrtha le slúagh, agus an tan fúair mé sgéula gur Rómhánach é, do bheanus díobh é.
28. Agus mar bhí a fhonn orum fios sgéul dfagháil créd é an tadhbhar far éiligheadar é, tug mé amach chum a gcomhairlesean é: