2. Agus ar bhfagháil luinge dhúinn ann sin do bhí ag tríall go Pheníce, do chúamar innte, agus do sheólamar romhainn.
3. Agus ar dteachd a radharc Chípruis, agus ar na fhagbhail air ar láimh chlí dhúinn, do sheólamar go Síria, agus tangamar as sin go Tírus: óir as ann sin bá mián leis an luing a lasd do chur amach.
4. Agus ar bhfagháil deisciobal ann sin duinn, dfanamair seachdmhuinn ann: agus dubhradar ré Pól trés an Spioraid, gan dul súas go Hiarusalém.
5. Agus ar gcríochnughadh na laétheadh sin, do thríallamar romhain; agus tangadársan uile, agus a mná, agus a gclann ar gcuideachda as an gcathruigh amach: agus do leigeamar air ar nglúinibh sinn ar an dtráigh, agus do rinneamar urnuighe.
6. Agus tar éis a chéile do phógadh dhúinn, do chúamar sa luing; agus dfilleadarsan dá dtighthibh féin.
7. Agus ar gcríochnughadh ar loingséoreachda dhúinn, tangamar ó Thírus, go Ptolemáis, agus ar mbeannúghadh do na bráithribh dhúinn, dfanamar lá na bhfóchair.
8. Agus lá ar na mhárach ar nimtheachd dúinn do bhí do chuideachda Phoil, tangamar go Séasáreá: agus ar ndul á steach dhúinn go tigh Philib an suibhisgél, (noch do bhí don mhóirsheisear;) dfanamar aige.
9. Agus do bhádar ceathrar maighdean, dingheanuibh aigesion, noch do níodh faidheadóireachd.
10. Agus ag fuireach dúinne mórán do láethibh, táinic fáidh áirighe ó thír Iúdaighe, dár bhainm Agabus.
11. Agus ar dteachd chugainne dhó, do ghlac sé crios Phóil, agus ag ceangal a lámha agus a chosa féin, a dubhairt sé, Mar so a deir an Spiorad Náomh, Is ar an gcorsa cheingéoluid na Iúdaidhe an té lér leis an chrios so a Niarusalém, agus do bhéuruid síad a láimh na Gcineadhach é.