1. Agus tar éis na ceannairce do chosg, do ghoir Pól na deisciobail chuige, agus air ngabháil a cheada ríu, da thríall sé dul úatha go Macedónia.
2. Agus ar ndul trés na críochuibhsin dó, agus ar na dteagusg lé hiomad briathar, táinic sé don Ghréig,
3. Agus ar mbeith dhó trí mhí ann sin. Ar gcur lúigheacháin do na Iúdaighibh air, mar do bhi faói dul a luing go Síria, do chuir sé roímhe filleadh tar a ais go Macedónia.
4. Agus do chuáidh ris na chuideachda gus a Násia Sopater ó Bheréa; agus do luchd Tessalónica, Aristarchus agus Secundus; agus Gáius ó chathruigh na Deirbe, agus Timotéus; agus do luchd na Hasia, Tichicus agus Trophimus.
5. Do imthigheadar so romhainne dfanadar rinn a Dtróas.
6. Achd do chúamairne a luing ó Philippi tar éis láethe a naráin gan laibhín, agus tangamar chucasan go Tróas a gcionn chúig lá; agus dfanamair ann sin ar feadh seachdmhuíne.