Gníomhartha 18:14-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

14. Agus an tan do shantuigh Póla bhéul dosgladh, a dubhairt Gallio ris na Iuduidhibh, Dá madh éagcoir ar bith nó droch ghniomh é, a Iudaighe, budh cóir go niomchóruinn libh.

15. Gidheadh más a dtimcheall bhríathar agus anmann, agus bhur ndlighe atá bhur gceisd, féuchuidh féin dó; óir ní háill leamsa bheith am breitheamh ar a leitheid sin do neithibh.

16. Agus do chuir sé ón chathaóir bhreitheamhnuis íad.

17. Ann sin ar mbreith do na Gréugachuibh uile ar Shostenes, úachdarán na sinagóige, do ghabhadar air a bhfíadhnuisi chatháoireach an bhreitheamhnuis. Achd níor chuir Gallio suim a ní ar bith do na neithibhsin.

18. Achd tair éis Pól fhuireach fós mórán do láethibh, do ghlac sé a chead ag na bráithribh, agus do chuáidh sé a luíng go Síria, agus do chuáidh Priscilla agus Acuilas leis; tar éis a chinn do bhearradh dhó a Gcenchreas: óir do bhí móidghealladh air.

19. Agus táinic sé go Héphesus, agus dfág sé ann sin íad; gidheadh do chuáidh sé féin a steach don tsinagóig, agus do thaguir sé ris na Iúduidhibh.

20. Agus an tan díarradar air fuireach na bhfochair ní as faide, níor áontaigh seisean.

Gníomhartha 18