17. Ar a nadhbharsin do rinne sé diosbóireachd ann sa tsíonagóig ris na Iúduighibh, agus ris na dáoinibh riaghalta, agus ré gach áon dá dteagmhadh dhó ar an margadh gach éun lá.
18. Agus do rinneadar feallsamhnuighe áirighe do na Hepicúrachuibh, agus do na Stoicibh, connspóid ris. Agus a dubhradar cuid dhíobh, Cred as áill leis an bhfear mbriosg-ghlórachso do rádh? agus a dubhradar cuid eile, As cosmhuil ris bheith na sheanmóntuidhe ar dhéeibh coimhightheacha: ar son gur sheanmóir sé Iósa, agus a néiseirghe dhóibh.
19. Agus ar mbreith air, rugadar go Hareopágus é, ag rádh, An bhféudmáoid a fhios dfagháil créd é an teaguisg núadh so, labhrus tusa?
20. Oír atá tu ag cur neitheadh núadh airighe ann ar gclúasuibhne: ar a nadhbharsin as mían linn a fhios dfagháil créd as cíall dóibh.
21. (Oír ní raibh aire ar ní ar bith eile ag luchd na Haithne agus ag coimhthighe tháinig dáitreabhadh na measg, achd ar nuáidhéachd éigin dínnsin, no deisdeachd.)
22. Agus ar seasadh do Phól a meadhón Areopágus, a dubhairt sé,A luchd chathair na Haithne, do chim go bhfuiltí go huilidhe ródhithcheallach a níodhaladhradh.