21. Oír atáid ag Maóisi ó na seanaimsireachuibh a nall dáoine do nía sheanmórughadh a ngach áon chathruigh, ann sna sinagóguibh ann a léughthar gacha sábbóid é.
22. Ann sin do chonncas do na habsdalaibh agus do na sinnsearaibh, maille ris a neagluis uile, dáoine toghtha dhíobh féin do chur go Hantíochia lé Pól agus lé Barnabas; eadhon, Iúdas dar comhainm Barnabas, agus Sílas, dáoine oirrdheirc eidir na bráithreachuibh:
23. Ag sgríobhadh leithreacha ríu mar so; Beatha agus sláinte ó na heasbuluibh agus ó na seinnsearuibh agus ó na bráithribh chum na mbráthar do na Cineadhachuibh átá a Naintíochia agus a Síria agus a Cilícia:
24. Dó bhrígh go gcúalamar, go ndeachadar dáoine áirighe úáinne noch do bhuaidhir sibhse lé briathruibh, agus do chláochluidh bhur ninntinne, dá rádh ribh, Bheith ar bhur dtimcheallghearradh, agus an reachd do choimhéud: dá nach dtugamar a leitheid sin dáithne:
25. Do chonncas dúinn, air tteachd déuntoil a gceann a chéile, dáoine tóghtha do chur chugaibhsi má ráon ré ar mbráithribh grádhacha Barnabas agus Pól,
26. Daóine thug a nanmanna féin ar son anma ar Dtighearna Iósa Críosd.
27. Ar a nadhbharsin do chuireamar chuguibh Iúdas agus Sílas, noch ínnéosas na neithesi as béul mar an gcéudna.
28. Oír do chonncas don Spiorad Náomh, agus dúinne, gan ni as mó dúalach do chur oruibh ná na neithe ríachdanachaso;
29. Go seachna sibh féin ar neithibh do níthear ofráil diodhaluibh, agus ar fhuil, agus ar ní tachduighe, agus ar striopthachus: má chongbhuithí sibh féin úatha so, is maith do dhéuntáoi. Slán libh.
30. Agus ar na léigeansan air siubhal, tangadar go Hantíochia: agus ar gcruinniughadh don phobal a gceann a chéile, túgadar an leitir úatha:
31. Agus an tan do léigheadarsan an leitir, do ghabh gáirdeachus íad tres an ccomhfurtachd.
32. Mar an gcéadna ar mbeith do Iúdas agus do Shílas, na bhfaidhibh, do theaguisgeadar agus do neartuigheadar, na bráithre lé mórán briathar.
33. Agus tair éis íad fhuireach ann sin ar feadh tamuill, do leigeadar na bráithre íad a siothcháin úatha chum na nabsdal.
34. Achd do chonncas do Shilás comhnuighe ann sin.
35. Achd do fhan Pól agus Barnabas fós a Naintíochia, ag teagusg agus ag soisgéulughadh bhreithre an Tighearna, máráon fós ré mórán eile.
36. Achd a ndiáigh láetheadh áirighe a dubhairt Pól ré Barnabas, Filleam dféuchain ar mbráithreach atá ann gach áon chathruigh ann a ndearnamar bríathar an Tighearna do sheanmóir, cionnus atáid síad.
37. Agus do shanntuigh Barnabas Eóin dá ngoirthear Marcus, do bhreith léo.
38. Achd níor bháill lé Pól an té, dó chúaidh úatha as Pamphília, agus nach deachaidh ríu chum na hoibre, do bhreith na gcuideachda.
39. Uime sin do éirigh easáonta eatorra, a gcrúth gur sgaradar ré chéile: achd rug Barnabas Marcus leis, agus do chúaidh sé a luing go Cíprus;