16. Noch do fhulaing sna haimsiribh do chuáidh thorainn, do na huile chineadhachaibh siubhal ann a slighthibh féin.
17. Bíodh nar fhág sé é féin gan fhíadhnuise, ag déunamh maitheasa, ag tabhairt feathanna dhuinn ó neamh, agus seusúir thórthaigh, ag líonadh ar gcroidheadh do bhíadh agus do gháirdeachus.
18. Agus ar rádh na néitheannsa dhóibh, is ré béigean do chongbhadar an pobal, ó íodhbairt do dhéunamh dhóibh.
19. Gidheadh tangadar Iúdaighe chuca ó Antíochia agus ó Icóníum, noch do chomhairligh an pobal, agus ar ngabháil do chlochaibh ar Phól, do tharruing amach as an gcathruigh é, ar na sháoilsin dóibh go raibh sé marbh.