Gníomhartha 10:41-48 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

41. Ni don phobál uile achd do na fíadhnuisibh do thogh Día roimh láimh, eadhon dúinne, noch do ith agus do ibh na fhochair tar éis a éiseirghe ó mharbhaibh.

42. Agus tug áithne dhúinne seanmóir a dhéunamh don phobal, agus fíadhnuise do déunamh gur ab eision do hórduigheadh ó Dhía na bhreitheamh ar bhéodhaibh agus ar mharbhaibh.

43. Do níd na fáidhe uile fíadhnuise dhó so, go bhfaghann gach áon chreideas ann maitheamhnus na bpeacadh tré na ainm.

44. Ar mbeith fós do Pheadar ag labhairt na mbríatharsa, do thuirrling an Spiorad Náomh ar gach áon da ccúalaidh an bhríathar.

45. Agus na creidmhighe don timcheallghearradh tháinic ré Peadar, do ghabh uathbhás íad, do bhrígh gur dóirteadh fós ar na Cineadhachaibh tiodhlacadh an Spioraid Naóimh.

46. Oír do chúaladar íadsan ag labhairt lé teangthaibh, agus ag adhmholadh Dé. Do fhreagair Peadar an tan sin,

47. An féidir do neach ar bith uisge do thoirmeasg, do chum nach baisfi íad só, noch do ghabh an Spiorad Náomh chomhmaith rinne?

48. Agus do aithin sé dhíobh baisdeadh ghabhail chuca a nainm an Tighearna. Do íarradar airsion an tan sin fanmhuin na bhfochair láethe áirighe.

Gníomhartha 10