31. Agus a dubhairt sé, A Chornélius, do héisdeadh húrnaighe, agus do coimhnigheadh do dhéirc a bhfíadhnuise Dé.
32. Uime sin cuir fios go Híoppá, agus goir chugad Síomón, dar comhainm Peadar; atá se ar aóidheachd a dtigh Shíomóin fhir leasaighthe leathair láimh ris an bhfáirrge: agus an tan thiucfas sé, laibheóruigh sé riotsa.
33. Ar a nadhbharsa a nuáir sin féin do chuir me fios ortsa; agus as maith do rinne tú theachd. Uime sin a nois atámuid uile a bhfiadhnuise Dé, chum eisdeachda gacha uile neithe do haithnigheadh dhiotsa ó Dhía.
34. Agus ar nosgladh a bhéil do Pheadar a dubhairt sé, Do gheibhim go fírinneach nach bhféuchann Día do phearsannaibh seach a chéile:
35. Achd am gach uile chineadh gabhuidh sé ris an tí, air ambí a eagla agus do ní ceart.
36. An bhríathar noch do fhoillsigh sé do chloinn Israél, ag soisgéulughadh síothchána tré Iósa Críosd: noch atá na Thighearna ós cionn na nuile:
37. Atá a fhios agaibhse, créud do rinneadh feadh thíre Iúdaidhe uile, ag tosughadh ón Ngalilé, tar éis an bhaisdigh noch do sheanmóraidh Eóin;
38. Cionnus do ung Día Iósa Nasárrgha ris an Spiorad Náomh agus lé cumhachdaibh: noch do chuáidh timcheall ag déunamh maitheasa, agus ag sláunughadh gach a raibh fá leathtrom tré chumhachdaibh an diabhail; óir do bhí Día maille ris.
39. Agus atámaóidbe dfíadhnuise ar na huile neithe do rinne sé a ttír Iúdaighe, agus a Niarusalém; noch do mharbhadar dhá chrochadh a gcroich:
40. Do thog Día é so súas an treas lá, agus dfoillsigh sé é;
41. Ni don phobál uile achd do na fíadhnuisibh do thogh Día roimh láimh, eadhon dúinne, noch do ith agus do ibh na fhochair tar éis a éiseirghe ó mharbhaibh.
42. Agus tug áithne dhúinne seanmóir a dhéunamh don phobal, agus fíadhnuise do déunamh gur ab eision do hórduigheadh ó Dhía na bhreitheamh ar bhéodhaibh agus ar mharbhaibh.
43. Do níd na fáidhe uile fíadhnuise dhó so, go bhfaghann gach áon chreideas ann maitheamhnus na bpeacadh tré na ainm.
44. Ar mbeith fós do Pheadar ag labhairt na mbríatharsa, do thuirrling an Spiorad Náomh ar gach áon da ccúalaidh an bhríathar.
45. Agus na creidmhighe don timcheallghearradh tháinic ré Peadar, do ghabh uathbhás íad, do bhrígh gur dóirteadh fós ar na Cineadhachaibh tiodhlacadh an Spioraid Naóimh.
46. Oír do chúaladar íadsan ag labhairt lé teangthaibh, agus ag adhmholadh Dé. Do fhreagair Peadar an tan sin,