Gníomhartha 1:1-3 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Do rinne mé an céudleabhar, a Theophilus, a dtimcheall gach uile neithe do thionnsgain Iósa do dhéanamh agus do theagasg,

2. Go soithe an lá iona rugadh suás é, ar dtabhairt aitheantadh do na heasbaluibh noch do shogh sé, trés an Spiorad Náomh:

3. Agus dár thaisbén sé é féin béo a ndiáigh a pháisi maille lé mórán do chomharthaidhibh fírinneacha, ar feadh dhá fhichead lá dá fhoillsiughadh féin doibh, agus ag teachd ar na neithibh do bhean ré rioghachd Dé:

Gníomhartha 1