Galatiánach 6:5-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

5. Oír iomchoruidh gach áon a úalach féin.

6. Tugadh an tí theaguisgthear sa mbréithir don tí theaguisgeas é roinn dá uile mhaitheasuibh.

7. Ná mealltar sibh; ní ghabhann Día sgige chuige: oír gidh bé ní shiolchuireas neach, a sé an ní céudna bheanfas sé.

8. Oír an tí shiolchuireas don choluinn buainfigh sé truailligheachd don choluinn; achd an tí shiolchuireas don Sbioruid buáinfidh se an bheatha mharthanach don Sbioruid.

9. Achd ag déunamh maitheasa ná bímid tuirseach: oír beanfum iona ám féin, muna ndeacham a neimbrígh.

10. Uime sin an feadh atá an tám aguinn, déunam maith do na huile dháoinibh, agus go mórmhór do luchd éintighe an chreidimh.

11. Do chí sibh fairsinge na litre do sgríobh mé chuguibh ré mo láimh féin.

12. An mhéid lér mían íad féin do thaisbéunadh go sgíamhach sa ccoluinn, cuirid dfíachuibh oruibhse an timchillghearradh do ghabhail chuguibh; amháin deagla go ndéantáoi gérleanmhuin orrtha ar son chroíthe Chríosd.

13. Oír an dream sin féin atá timchillghearrtha ní choimhéuduid síad an reachd; achd as mían ríu sibhse bheith timchillghearrtha, chum mórdhála do dhéunamh dhóibh as bhur bhfeóil.

Galatiánach 6