Eóin 9:13-22 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Rugadar léo chum na Bhphairisíneach, an té so do bhí dall roimhe sin.

14. Agus do bhí an tsábbóid ann an tan do rinne Iósa an láib, agus dosguil a shúile.

15. Dfíafruigheadar na Phairisínigh a rís de cionnus fuáir sé a radharc. Agus a dubhairt seisean ríu, Do chuir se láib ar mo shúilibh, agus dionnuil mé, agus do chím.

16. Uime sin a dubhradar cuid do na Phairisíneachuibh, Ní ó Dhía an duinesi, óir ní chongbhann sé an tsabbóid. A dubhradar cuid eile, Cionnus as éidir lé duine peacthach a léithéid so do chomharthadhuibh a dhéunamh? Agus do bhi siosma eatorra.

17. A deirid síadsan a rís ris a dall Creud í do bharamhuil don té úd, ar son gur osguil sé do shúile? Agus a dubhairt seisean, Is fáidh é.

18. Uime sin níor chreideadar na Iúdaidhe úadh, go raíbh sé dall, agus go bhfuáir sé a radharc, nó gur ghoireadar athair agus mathair an té fuáir a radharc.

19. Agus dfíafruigheadar dhíobh, ag rádh, An né so bhur macsa, noch a deirthí rugadh dall? ar a nadhbharsin cionnas do chí sé a nóis?

20. Do fhreaguir a athair agus a mhathair íád agus a dubhradar, Atá dheimhin aguinn gur ab é so ar mac, agus go rugadh dall é:

21. Achd cionnas do chí sé, a nois ní fios dúinn; nó cía dosguil a shúile, ní bhfuil a fhios aguinne: Atá áois aige; fiafruighidh dhe fein: freigeoruidh sé ar a shon féin.

22. A dubhairt a athair agus a mhathair na bríathrasa, ar eagla na Niudaidheadh: óir do órduigheadar na Iúdaidhe roimhe sin, gidh bé daidmhéochadh gur bheisean Críosd, a chur as an tsinagoig.

Eóin 9