Eóin 7:3-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Ar a nadhbharsin a dubhradar a bhráithreachasan ris, Fág so agus imthigh go tír Iúdaighe, do chum go bhfaicfidis do dheisciobail fós na hoibreacha do ní tú.

4. Oír ní dhéunann neach ar bith éin ní a bhfolach, agus iárrus é féin do bheith oirdheirc. Má ní tú iád so, foillsigh thú féin don tsáoghal.

5. Oír níor chreideadar a bhráithreacha féin fós ann.

6. Uime sin a dubhairt Iósa riú, Ní thaínig maimsirse fós: achd atá bhur naimsirse do ghnáth ullamh.

7. Ní héidir leis a tsáoghal sibhsi dfúathughadh; achd atá fúath aige dhamhsa, do bhrígh go ndéunuim fíadhnuisi air, gur ab olc a oibreacha.

8. Imthighidhsi súas chum na sollamnaso: ní racha misi súas fós chum na sollamnaso: oír niór coimhliónadh maimsir fós.

9. An tan a dubhairt sé na neitheso riú, dfan sé ann sa Ghalilé.

10. Achd tar éis a bhráithreach imtheachd suás, do chúaidh seisean mar an gcéadna suás chum na sollamna, ní ós áird, achd mar dhe ós iseal.

11. Ar a nadhbharsin diárradar na Iúdaidhe é sa tsollamain, agus a dubhradar, Gá hait a bhfuil an fear úd?

12. Agus do bhí monabhar mór a measg an phobuil na thimcheallsan: oír a dubhairt cuid díobh, As duine maith é: achd a dubhairt cuid eile, Ní headh; achd mealluidh sé an pobal.

13. Gidheadh ní tháinig áonduine thairis ós aírd ar eagla na Niúdaidheadh.

14. Achd tár éis leatha na sollamna do chríochnughadh do chúaidh Iósa súas don teampoll, agus do theaguisg sé.

Eóin 7