23. Má ghlacunn duine timcheallghearradh annsa tsábboid, do chum nach brisfidhe dligheadh Mháoisi; an bhfuil fearg oruibh riumsa, ar son duine uile do shlánughadh ann sa tsábboid?
24. Ná beirídh breath do réir na faicsiona, achd beiridh an bhreath cheart.
25. Uime sin a dubhradar dream aíríghe ó Ierusalém, A né nach é so an te, iárruid siad chum a mharbhtha?
26. Agus, féuch, lábhruidh sé ós aírd, agus ní abruid éin ní ris. An bhfuil a dheirbhfios ag na buáchdaránuibh gur ab é so Críosd?
27. Achd atá a fhios aguinne gá has dó so: gidheadh an tan thiocfas Críosh, ní bhía a fhios ag áonduine gá has dó.
28. Uime sin do éigh Iósa ann sa teampoll ag teagasg, agus ag rádh, Atá a fhios aguibh cia misi, agus atá a fhios aguibh gá has damh: agus ní úaim féin táinig mé, achd as firinneach an té do chuir uádh mé, ar nach bhfuil éolus aguibhsi.
29. Achd atá éolus agamsa air: oir as úadh ataim, agus as é do chuir úadh mé.
30. Ar a nadhbharsin do shanntuigheadar breith air: gidheadh níor chuir éunduine lámh ann, do bhrígh nach dtaínig a uáir fós.
31. Agus do chreideadar mórán don phobal ann, agus a dubhradar, An tan thiocfas Críosd, an ndéana sé ní sa mhó do mhíorbhuilibh ná do rinne an fear so?
32. Do chúaladar na Phairisínigh an pobal ag monbhar na neitheadhso na thimscheallsan; agus do chuireadar na Phairisínigh gus uáchdarain na sagart máoir dhá ghlacadh.
33. Uime sin a dubhairt Iósa riú, Bíaidh mé fós sealad beag bhur bhfochair, agus na dhiáigh sin imthéocha mé chum an té do chuir uádh mé.
34. Iárrfuidhe mé, agus ní bhfuighthí: agus a náit a mbía mé, ní fhéadfuidhesi teachd ann.
35. A dubhradar na Iúduidhe eatarra féin, Gá háit a racha an fear so, nach bhfuigheamne é? an racha sé chum na muinntire atá sgartha a measgna Ngreagach, agus an dteagasfuidh sé na greaguigh?
36. Créud as cíall don chomhrádhso a dubhairt sé, Iárrfuidhe mé, agus ní bhfuighthi: agus an ait a mbía me, ní fhéadfuidhesi teachdann?
37. Agus ann sa lá mhór dheigheanach, don tsollamuin, do sheas Iósa agus do éigh sé, ag rádh, Má tá tart ar áonduine, tigheadh sé chugamsa, agus ibheadh sé.
38. Gidh bé chreideas ionnamsa, mar a dubhairt an sgrioptúir, lingfid srotha duisge bhéo as a bhroinn.
39. (Do labhair sé so a dtimcheall na Spioraide, do ghlacfaidís na dáoine do chreidfeadh ann san: oír ní raibh an Spiorad Náomh ar na thabhairt fós; ar son nach raibh Iósa fós ar na ghlórughadh.)