20. Do fhreaguir an pobal agus a dubhradar, Atá an díabhal ionnad: cía atá ag iárruidh do mharbhtha?
21. Do fhreaguir Iósa agus a dubhairt sé riú, Do rinne mé éun obair a mhaín, agus atá iongnadh oruibhsi uile.
22. Ar a nadhbharso tug Máoisi an timcheallghearradh dhíbhsi; (ní ar son gur ab ó Mháoisi atá sé, achd ó na haithribh;) agus do níthí duine do thimcheallghearradh ann sa tsábboid.
23. Má ghlacunn duine timcheallghearradh annsa tsábboid, do chum nach brisfidhe dligheadh Mháoisi; an bhfuil fearg oruibh riumsa, ar son duine uile do shlánughadh ann sa tsábboid?
24. Ná beirídh breath do réir na faicsiona, achd beiridh an bhreath cheart.
25. Uime sin a dubhradar dream aíríghe ó Ierusalém, A né nach é so an te, iárruid siad chum a mharbhtha?
26. Agus, féuch, lábhruidh sé ós aírd, agus ní abruid éin ní ris. An bhfuil a dheirbhfios ag na buáchdaránuibh gur ab é so Críosd?
27. Achd atá a fhios aguinne gá has dó so: gidheadh an tan thiocfas Críosh, ní bhía a fhios ag áonduine gá has dó.
28. Uime sin do éigh Iósa ann sa teampoll ag teagasg, agus ag rádh, Atá a fhios aguibh cia misi, agus atá a fhios aguibh gá has damh: agus ní úaim féin táinig mé, achd as firinneach an té do chuir uádh mé, ar nach bhfuil éolus aguibhsi.